Inicio Top Música Bad Bunny Música Cristiana Taylor Swift Ed Sheeran Luis Fonsi Ozuna Daddy Yankee J Balvin Maluma DMCA

Letra de la Canción "1706094" de Orla Fallon | BooMusica 2026

Varios-artistas

OMGirls

Varios-artistas

Heavy League

Varios-artistas

2010s Pop

Varios-artistas

Ti Amo Italia

Artist profile picture

1706094

Orla Fallon

In iníon d'aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna
Bhí bothán agam féin ann is fuinneog i gceann de
Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'sea ghlaofainn ar na gamhna

Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Aililiú
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Faightear dom cana is faightear dom bhuarach
Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m'chluasa
Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile

Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Aililiú
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta
?osfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an t Samhraidh